School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Na Cruacha, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 458

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 458

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cruacha
  2. XML Page 458
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí an inghean sin ar shiubhal bliadhain agus lá dubhairt an dara bean le na máthair go n-imtheochadh sise fosta go bhfeicfeadh sí goidé a d'éirigh dí. D'imthigh sí agus tháinig sí godtí teach na caillighe. Rinne sí an margadh céadhna leí agus a rinne a deirbhshiúr roimh ré. Lá amháin d'amharc sí suas an t-simleóir agus thuit an t-ór agus an t-airgead anuas chuice. D'imthigh sí ar shiubhal leis agus tháinig godtí an áit a raibh an reithe ar téad- arsa seisean léithe " Athruigh mé, athruigh mé, nó níor h-athruigheadh mé le seacht mbliadhna" ach dubhairt sise nach n-áthreochadh agus d'imthigh sí leí. Tháinig sí godtí an áit a raibh an sean-chapall bán agus d'iarr seisean uirthi áthrughadh fosta ach níor áthruigh. Tháinig sí godtí an claidhe agus dubhairt sé léithe cloch a chaitheadh suas air agus ceann a chaitheadh anuas de ach ní dheánfadh sí é. Shuidh sí síos ag bun an chrainn ag deánamh a sgithiste. Nuair a mhusgail an chailleach ní raibh sí i bhfad ag fághail amach go raibh an cailín ar shiubhal leis an airgead. Lean sí í le slat na draoidheachta. D'fhiafruigh sí do'n reithe a' bhfaca sí cailín ar bith ag dul thart "le mo wig wag, le mo rig, rag agus le mo dhá mhala óir agus airgid" agus dubhairt an reithe " chuaidh sí thart annsin ar ball" Chuaidh sí godtí an capall, chuir an cheist chéadhna agus fuair an freagra chéadhna. Chuaidh sí godtían claidhe agus fuair sí an feagra céadhna. Annsin chuaidh sí go bun an chrainn agus fuair an cailín ann. Bhuail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire C. Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Kilrean, Co. Donegal