School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Na Cruacha, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cruacha
  2. XML Page 262
  3. XML “Scéal - Loch Finne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsin agus ní raibh aoinne de na Fianna abálta níos mó ná ceathramhadh amháin an duine a thabhairt leó ach bhí an Forghamhain ábalta dhá cheathramhadh a thabhairt leis. Tháinig éad ar Fhionn agus ar an Fhéinn leis an Fhorghamhain mar go raibh sé ina fhear níos feárr nó iad féin. Ba mhaith le Fionn cos i bpoll a chur leis. D'iarr sé ar an t-seanduine an Forghamhain a leigint leó ar feadh seacht mbliadhna agus go dtabharfadh siad-san chuile sheórt oideas do i ngléas cogaidh agus arsa seisean " Geallaimse dhuit go leigfidh mé arais chugat é i gceann seacht mbliadhna agus ní bheidh an duine istigh in Éirinn a bhéas ionchurtha leis san am sin" Níor mhaith leis a' t-sean-fhear an mac a leigint leo ach sa deireadh thug sé cead dó dhul. D'imthigh na Fianna agus an Forghamhain leo go dtí Gleann Cholm Cille agus d'fhan an Forgamhain leo seacht mbliadhna. Bhí siad lá amháin taréis a dhul leo ar dtús ag seilg cómhgharach ag na Gleanntaí ag áit ar a dtugtar Malaidh na Muice ar, fuair siad nead muice duibhe ann ina raibh ocht mbanbh agus ní raibh an mhuc dhubh istigh. Mharbh na Fianna na bainbh uilig ach ceann amháin a bhain Oscar an ruball dí. Annsin d'imthigh siad leó.
    Bhí locht amháin ar an Fhorghamhain , bhí sé faoi gheasa rud ar bith a d'iarrfaidh air gan déanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Feardhomhain (~6)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chaoimhghín
    Gender
    Female
    Address
    Mín na Sróna Theas, Co. Donegal
    Informant
    Amras Ó Chaoimhghín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    51
    Address
    Mín na Sróna Theas, Co. Donegal