School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhárach. Dubhairt sise nach bhfaca sí sin da dheánamh aríamh. Cuireadh isteach i seomra í agus achan ghléas ann i gcomhair na h-oibre. Tháinig an oidhche uirthí agus ní rabh rud ar bith déanta aici, gus thoisigh sí ag caoineadh. Ní rabh sí i bhfad ag caoineadh nuair a d'fhosgal doras an tseomra agus tháinig bean isteach agus gaosán mór dearg uirthi . D'fhiafraigh sí den ghirrseach caidé bhí uirthi, agus d'innis sise fa'n obair a bhí idir láimhe aicí agus nach dtiocfadh leithí é a dheánamh. Dubhairt an bhean nach mbéadh sise i bhfad da dheánamh sin agus rinne. Bhi áthas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí an obair deánta agus an oidhche sin fuair sí suipeár dhá uair ní bfheárr na'n oidhche roimh sin, agus leabaidh dhá uair ní bfheárr le luighe uirthi. Maidin lá thar na bhárach cuireadh isteach sa t-seomra í agus tugadh dithe olann agus achan gléas eile agus h-iarradh uirthí dhá dhosaon de ghiosain a dheánamh(continues on next page)
- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Mac Diarmuid
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cruach Leac, Co. Donegal