School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 233
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)6.Amuigh ag Loch Bhéal Séad tá crann caoráin ag fás agus deirtear gur fear a chuir an crann sin istoigh i bpota óir agus d'imthigh sé agus chuir sé an t-iomlán amuigh ag Loch Bhéal Séad. Bhí na saighdiúirí ag teacht air. Ní bhfuigheadh duine é ach seanduine ruadh de chloinn Uí Ghallchobhair. Caithfidh sé trosgadh trí h-oidhche agus ar an tríomhadh h-oidhche gheobhfaidh sé é.
7.Amuigh thiar ag bun an Chnuic Ghlais tá crann caoráin agus tá pota óir faoi'n chrann. Fear de chloinn Mhic a Bháird a gheobhfas é.
8.Bhí fear 'na chomhnuidhe ins na Cruacha Gorma agus d'imthigh sé 'un Oileáin Úir. Nuair a bhí sé tamall san Oileán Úr bhí brionglóid aige oidhche amháin go rabh dhá phota óir taobh amuigh de'n doras sa bhaile aige. Phill sé agus thug sé leis spád agus fuair sé an t-ór.
Bhiífear as an áit seo am amháin amuigh ag Loch Creabhtha ag coimheád caora. Bhí madadh dubh leis, agus chaill sé an madadh dubh agus thoisigh sé(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Padraig Mac Giobúin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Deargchruach, Co. Donegal