School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 232
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)3.Tá páirc ar an Chlochar agus tá lán craicinn searraigh óir ann. Fágadh annsin é in am an Chruadhtáin. Nuair a bhíonn na ba 'na luighe ar an fhéar ins an t-Samhradh, nuair a d'éireochadh siad bhéadh ball buidhe ortha.
4. Thall i gCrolac tá áit darb ainm an Poll Buidhe agus deirtear go bhfuil lán craicinn gabhair d'ór i bhfolach. Fear a bhí ag coimheád caora in am an ghorta a chuir i bhfolach é. Deirtear nach bhfuigheadh duine ar bith é ach bean ruadh de chloinn mhic Fhionntaigh.
5. Bhí gasúr ag coimheád bó am amháin ar mhullach Gháigín. Luigh bó síos lá, agus nuair a d'éirigh sí bhí taobh uirthí comh buidhe le h-ór. Dá bhfanfadh an gasúr agus a lámh a leagaint ar an áit féin bhéadh an t-ór aige, ach rith sé 'na bhaile ag innsint caidé a chonnaic sé. Nuair a tháinig siad uilig arais ní rabh a dhath le feiceáil aca ach an bhó agus ball buidhe uirthi. Deirtear gur ór na sídheog atá ar Gháigín.(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Padraig Mac Giobúin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Deargchruach, Co. Donegal