School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 222
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Luchógaí móra
Tá an-fhuath ag na daoine ortha seo agus ta mórán leigheasanna le iad a chur ar shiubhal ó theach.
Tá uisge Thobar an Dúin an-mhaith agus ghníodh daoine na h-áite turas go Tobar an Dúin le iad a dhibirt.
Deirtear go bhfuil cupla focal agus nuair a scríobhtar iad, imthigheann na luchóga. Nil ach corr dhuine ábalta seo a scríobhadh. Deirtear go bhfuil fear fan áit seo ábalta é a scríobhadh. Cerbh
( cibé)é an rud a scríobhann sé imthigheann na luchóga ag tabhairt an pháipéir leobhtha. Caithfear iad a chur go h-áit chomh maith leis an áit a d'fhág siad amhthach ( áfach).
Ghníodh siad mórán scrios fa thoighthibh go minic. Strócann siad málai agus cláraí, itheann siad uibheacha agus éanlaithe, bíonn comhnuidhe aca istoigh i gcruachaibh arbhair agus i mballaibh agus i gcláraí. Ní maith leobhtha tormán. Deirtear go dtógann siad ar shiubhal luchóg mharbh agus go(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- An Deargchruach, Co. Donegal