School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 214
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cailleach na mbeann
Seo an t-ainm atá ar áit cómhgharach do'n loch ina n-éirigheann abhainn na gCruach . In am an Ghorta bhí bean bhocht ag dul suas go Dún na nGall chuig daoine muintearach díthe. BhÍ an-ocras uirthi agus tháinig an oidhche uirthi. Thuit sí le beann agus marbhadh í. Bhí siad ag rá go rabh sí le cloisint ag scáirtigh ar feadh tamaill mhaith. Fuaras a ceairtlín snáth agus bhí sí le feiceáil ina luighe istoigh sa bhinn ach níor tugadh amach araimh í. Bhí an glór le cloisint go minic agus sa deireadh tháinig fear aniar as Cruach an Airgid agus uisce coisreactha leis. Thoisigh sé a rádh an rud a bhí an chailleach a' rádh , agus lean sí é thar an tsrúthán agus níor chualathas í ní ba mhó. Bheirtear Sruthán na Caillighe ar an t-Sruthán sin.
Srath na bpáisdí
Seo an t-ainm atá ar shrath thíos ansin ag an abhainn. Bhí fear agus bean agus triúr páisdí ina gcomhnuidhe(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Padraig Mac Giobúin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Deargchruach, Co. Donegal