Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 1395)

Suíomh:
Aglish, Co. Waterford
Múinteoir:
Tomás Ó Leinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    iarraidh breith ar na h-ubla le na bhéal, agus ní leightear dhó a lámha do chur ar thaobh an tobáin. Cuirtear dhá cnó le h-ais na teine, agus cuirtear ainm buachalla ar ceann acu, agus ainm cailín ar an gceann eile, agus má léimeann siad le na chéile deirtear go bpósfar iad, agus muna léimeann siad le na chéile ní pósfar go dheo iad. Crochtar cros ón síleáil, agus cuirtear coinneal ar ceann na croise, agus ubhall ar an gceann eile. Cuirtear an chros ag casadh, agus tagann buachaill, agus bíonn sé ag iarraidh breith ar an ubhall le na bhéal, agus uaireannta beireann sé ar an gcoinneal.
    Cuirtear ceithre coinnle ar lasadh an oidhche sin cun solas do thabhairt d-anamain na marbh. Fágtear na coinnle ar lasadh cun go mbíonn siad caithte. Cuirtear na coinnle ar phláta i lár an úrláir nuair a bíonn muinntear an tigh ag dul a codladh. Cuirtear na cathaoireacha le h-ais na teine, agus scubtar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Teanga
    Gaeilge