School: Dubhloch
- Location:
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhloch
- XML Page 451
- XML “An Carghas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déanamh le cúpla fata agus cupán bainne. Uair sa lá a bhí an béile sin ag dul dóibh. Tá na seandaoine fós agus ní thógann siad bainne ar a gcuid tae ná ní itheann siad uibheacha ar Chéadaoin an Bhraith ná ar an Satharn deiridh den Charghas.Níl troscadh á chur ar aon duine anois nó dá mbeadh ní sheasfadh siad mí nó go mbeadh siad ag déanamh créafóige mar níl siad sách láidir lena sheasamh. Ach dá mairfeadh siad ar an gcineál bia a bhí acu fadó bheadh siad i bhfad níor ligthe agus níos láidre.Aoine an Chéasta ligeann na mná a gcuid gruaige ar sileadh leo óna dó dhéag go dtí a trí a’ chlog. Bíonn na daoine fásta ag tarraingt chun an tséipéil le cúpla uair a’ chloig a chaitheamh le Mac Dé sa teampall. Ar a trí a’ chlog ar an Satharn, is é sin an Satharn roimh Dhomhnach Cásca, deir na daoine go bhfuil an Carghas caite agus go bhfuil troscadh na bliana thart.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Gacháin
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo